As Gaeilge
Is é atá mar aidhm ag Clinic Tréidliachta Jerry McCarthy [Dhiarmada Mhic Cárthaigh] ná an cúram is fearr a chur ar fáil dár n-othair agus dár n-úinéirí. Dar linn, is gá a bheith dúthrachtach, coinsiasach, comhbhách agus comhoibritheach chomh fada agus a bhaineann sé leis na hothair, leis na húinéirí agus le comhbhaill na foirne.
Má theastaíonn ó dhuine cleachtas tréidliachta a roghnú, bíonn riachtanais áirithe uaidh: foireann atá cairdiúil agus gairmiúil, a gcreideann gach duine díobh go paiseanta i leas an ainmhí; atá in acmhainn déileáil le riachtanais uile do pheata, más obráid nó cóireáil leighis atá ag teastáil. Is é an ní is tábhachtaí ná cleachtas a bhfuil muinín agat as. Is é Clinic Tréidliachta Jerry McCarthy [Dhiarmada Mhic Cárthaigh] atá uait, mar sin.
Má tá an cúram is fearr uait dod’ pheata, tá tú tagtha go dtí an áit cheart. Is féidir linn réimse obráidí a chur ar fáil sa chlinic. Tugaimid aire den scoth dár n-othair, chomh maith.
Tabharfar togha na haire dod’ pheata sa chlinic. Tá an trealamh liachta is nua-aimseartha ar fáil agus freastalaíonn na baill foirne ar chúrsaí agus ar léachtaí go rialta ionas go mbeidh an-chur amach acu ar an dul chun cinn is úire atá ar fáil sa tréidliacht.
Chun cóireáil leighis a fháil dod’ pheata sa chlinic, ná bíodh aon leisce ort dul i dteagmháil linn ag 028 23000 nó ag 086 8535358. Is féidir teagmháil ríomhphoist a dhéanamh linn. Má tá cóireáil leighis ag teastáil, go práinneach, ó do pheata lasmuigh d’uaireanta oibre, glaoigh ar 028 23000 nó ar 086 8535358 agus beidh tú in ann labhairt leis an Tréidlia atá ar dualgas.
Ár seirbhísí
Amanna oscailte
Luan – Aoine
9.30am – 12.30pm 4.30pm – 6.00pm
Saturday
10.30am – 1.00pm
Domhnach, saoire phoiblí agus i ndiaidh am dúnta
Call 028 23000 {24 Hours}